Ceirnín carthanachta a chuideoidh le bochtáin Mhaláive

THE IRISH NEWS online
Ceirnín carthanachta a chuideoidh le bochtáin Mhaláive
Le Robert McMillen
01/01/09

Teacht na Nollag agus bíonn ceirníní carthanachta go flúirseach ar na seilfeanna sna siopaí ceirnín. In amanna, tá sé doiléir fáil amach cá háit a rachaidh an brabús a dhéantar ar na ceirníní ach tá CD neamhghnách amháin amuigh agus is féidir bheith cinnte go rachaidh an t-airgead chuig na daoine agus na tograí a bhfuil sé dírithe orthu.

Tá John agus Mary Coyne, tuismitheoirí fhear an bhainseó Éamonn Coyne, ag déanamh beart de réir a mana “A hand-up, not a hand-out” an Nollaig seo.

Tá cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta agus tíre is fearr bailithe le chéile acu le CD a dhéanamh, Wells for Zoë/Water for Life, a rachaidh an brabús chun socair daoine bochta i dtuaisceart na Maláive in oirdheisceart na hAfraice.

Is é an aidhm atá ag John and Mary ná uisce úr glan a chur ar fáil ar bhonn leanúnach agus timpeallacht inmharthana saoil a chruthú do mhuintir na háite.

B’fhurasta cúpla traic a chaitheamh le chéile ach is bailiúchán d’ardchaighdeán é Wells for Zoë/Water for Life mar is léir ó na hoirfidigh atá air.

Tá teidealrian an albaim scríofa ag an Albanach Karine Polwert, amhrán a cheolann sí i gcuideachta Tim O’Brian

Tá rian úr le Sinead O’Connor – Baby Let Me Buy You a Drink (uisce glan atá i gceist ar ndóigh!) – a scríobh John Waters; Just in Case of Accidents, amhrán úr le Paul Brady; meascán de cheol traidisiúnta na hAlban agus ceol salsa ó Salsa Celtica; This Love Will Carry, amhrán a thógfadh croí an duine is éadóchasaí; leagan álainn de Muddy Waters le Heidi Talbot agus mar bhuaicphointe an albaim, creid é no na creid é, Maura O’Connell agus an bhuíon bluegrass The Dukhs ag ceol Sisters Are Doin’ it For Themselves!

Sin ráite, tá na hamhráin uilig ar aon chaighdeán agus ba cheart go mbeadh an CD in achan teach, ar son na carthanachta agus ar son an cheoil araon.

Eagraíocht bheag fhorbairt inbhuanaithe atá in Wells for Zoë a bhunaigh na Coynes, arb as Leamhcán i gContae Átha Cliath iad, i 2005.

Ba é an aidhm a bhí acu na fáil ar uisce glan a sholáthar do bhunadh na háite. D’íoc na Coynes as na costais uilig ach ó shin i leith, tá stádas carthanachta bainte amach ag an eagraíochta agus aithnítear mar eagraíocht neamhrialtasach anois é.

Sin ráite, glanann na Coynes na costais go fóill le go rachaidh gach brabús chuig na daoine is mo a bhfuil gá acu leis.

Tá Wells for Zoë ar Compass Records agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó http://www.wellsforzoe.org

Advertisements

2 thoughts on “Ceirnín carthanachta a chuideoidh le bochtáin Mhaláive

  1. Hello there! Would you mind if I share your blog with
    my zynga group? There’s a lot of folks that I think would really enjoy your content.

    Please let me know. Cheers

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s